GRADAIM FHOILSITHEOIREACHTA

Tá gearrliostaí na nGradam Foilsitheoireachta fógartha ag an Oireachtas agus tá ríméad orainn go bhfuil CÚIG leabhar le Futa Fata ainmnithe orthu, an chéad cheann atá foilsithe faoin mbranda nua do dhaoine fásta,  Barzaz. san áireamh. Ceiliúrann Gradam Réics Carló scoth na scríbhneoireachta do dhaoine óga agus tá áthas orainn go bhfuil Cluasa Capaill ar an Rí le Bridget Bhreathnach, maisithe ag Shona Shirley Macdonald agus Go Ceann Scríbe le hAilbhe Nic Giolla Bhrighde, maisithe ag Lauren O’Neill ainmnithe.  Déanann Gradam de Bhaldraithe ceiliúradh ar scoth na n-aistriúchán do gach aoisghrúpa agus arís tá dhá leabhar ainmnithe; Dialann Dlúthchara, le Jeff Kinney aistrithe ag Máirín Nic Con Iomaire agus An Rás Chuig an Mol Thuaidh le Catherine Johnson, aistrithe ag Fearghas Mac Lochlainn.  Agus ar deireadh tá Madame Lazare, an chéad leabhar a foilsíodh faoin inphrionta nua, Barzaz, ainmnithe do Gradam Uí Shuilleabháin. Tadhg Mac Dhonnagáin a scríobh an t-úrscéal tarraingteach seo faoi bhean a bhfuil saol faoi cheilt caite aici i ngan fhios do chuid de na daoine is gaire di. A gariníon Levana a nochtann saol rúnda a Mémé. Scéal lán croí atá ann agus tá muid ríméadach faoin aitheantas seo.

Gabhann Futa Fata agus Barzaz ár míle buíochas leis An tOireachtas, déanann muid comhghairdeas lenár n-údair, lenár maisitheoirí agus lenár n-aistritheoirí, agus guíonn muid chuile rath ar gach scríbhneoir agus maisitheoir a bhfuil saothair leo ar na gearrliostaí. Táimid ag súil go mór le fógairt na mbuaiteoirí i mí Dheireadh Fómhair.

CLUASA CAPAILL AR AN RÍ

Athinsint don aonú haois is fiche ar scéal Labhraí Loingsigh atá sa leabhar Cluasa Capaill ar an Rí le Bridget Bhreathnach, maisithe ag Shona Shirley Macdonald. Seo é an dara leabhar sa tsraith de scéalta miotaseolaíochta atá foilsithe againn.  Is í Shona freisin a mhaisigh an chéad leabhar sa tsraith, An Féileacán agus an Rí leabhar a scríobh Máire Zepf. Bhain an leabhar Gradam Réics Carló ar  in 2020.   Tá ríméad orainn, agus gan é ar an bhfód ach le hachar gearr, go bhfuil gearrliosta Ghradaim Réics Carló 2021 bainte amach ag Cluasa Capaill ar an Rí. Tá an leabhar le fáil anois fud fad na tíre i siopaí maithe leabhar agus arlíne. Beidh sibh faoi draíocht ag an scéal agus ag an maisiú, geallann muid daoibh!

AG TEACHT GO LUATH

Chuaigh ár leantóirí ar na meáin shóisialta craiceáilte nuair a nochtaigh muid clúdach an leabhair úrnua a bheas ar fáil uainn go luath.  S sin, Cá bhfuil mo Mham? leagan Gaeilge de ‘Monkey Puzzle’ le Julia Donaldson agus Axel Scheffler atá aistrithe ag Tadhg Mac Dhonnagáin.  Seo é an cúigiú leabhar ón mbeirt iomráiteach seo atá foilsithe againn – iad ar fad aistrithe ag Tadhg. Is féidir an ceann nua seo a réamhordú anois agus beidh sé á dháileadh amach go han luath ar fad!  Bhí Tadhg gníomhach le cúrsaí aistriúcháin le tamall anuas agus le Mo Chéad Leabhar Focal / My First Irish Wordbook tharraing sé ar a thaithí mar iarmhúinteoir bunscoile. Leabhar dátheangach atá ann agus tá breis agus 200 focal coitianta Gaeilge ar fáil ann. Tá comhairle ar fáil ann faoin bhfoghraíocht agus tá cúpla nod gramadaí ann chomh maith! Leabhar ildaite, slachtmhar atá ann agus is cinnte gur leabhar spraíúil ach cabhrach a bheas anseo don pháiste óg agus a dtuismitheoirí.