- Stoc: I stoc
- Meáchan: 0.01kg
- Toisí: 146.00cm x 4.00cm x 210.00cm
- ISBN: 978-1-906907-96-9
Cur síos
Gearrliosta Gradam Réics Carló Leabhar na Bliana 2016
Ficsean do léitheoirí san aoisghrúpa 8–12
Scéal bríomhar eile faoi Trixie, an madra cliste agus a cara Tony, an tréidlia a dtugann sí aire.
Bíonn Trixie an madra cliste ag obair go dian gach lá in éineacht
lena mháistir,Tony an tréidlia scaipthe. Tugann Trixie an-chabhair dá mháistir –
murach an madra, bheadh cúrsaí trína chéile ag Tony agus é ag iarraidh
aire a thabhairt do na hainmhithe a thagann isteach an doras chuige!
Nuair a thagann Trixie agus Tony ar mhadra atá gortaithe, tá siad ag iarraidh cabhrú leis.
Faigheann Trixie amach gur le duine an-speisialta
an madra mistéireach, díreach sula dtarlaíonn rud éigin uafásach don chréatúr bocht!
Faoin Scríbhneoir:
Seo é an dara leabhar sa tsraith seo ón scríbhneoir Gaillimheach,
Patricia Mac Eoin. Tógadh Patricia cois farraige, i gCinn Mhara, Co.
na Gaillimhe ach tá cónaí uirthi faoi láthair i gcathair mhór na Bruiséile,
sa Bheilg. Tá deirfiúr léi ina tréidlia i gcathair na Gaillimhe agus is minic
a thug Patricia cuairt ar a clinic. Ba ansin a fuair sí an ionspioráid
do na carachtair sa tsraith seo (cé nach bhfuil a deirfiúr pioc
cosúil le Tony, ar ndóigh!)
Faoin Maisitheoir:
Maisitheoir is ea Richard Watson a raibh peann luaidhe ina lámh aige i gcónaí
agus é ina bhuachaill óg. Chaith sé an t-am go léir ag tarraingt pictiúr ar a
chóipleabhar ar scoil…pictiúir d’ainmhithe go háirithe. Agus sin atá sé fós ag déanamh…
ach ag maisiú leabhar galánta do pháistí atá sé anois!
Cé go bhfuil saibhreas na teanga le brath tríd an leabhar, tá an plota simplí go leor agus le cabhair ó na pictiúir bheadh páistí
Gaelscoileanna Rang 3 agus 4 breá ábalta an leabhar a léámh iad féin. Bheadh an leabhar seo mar áis iontach do mhúinteoirí
bunscoile sna seomraí ranga agus sna leabharlainn scoile. Comh maith leis sin d’fhéadfadh tuismitheoirí an-taitneamh agus tairbhe
a bhaint as bheith ag léamh an scéal seo os ard do pháistí níos óige. Gobblefunked
Ábhar Tacaíochta
Dáta Foilsiú Meán Fómhair 2015
Údar Patricia Mac Eoin
Maisitheoir Richard Watson
Lándaite Clúdach Bog, 15mm x 21mm
Líon na Lth 40pp
RRP €7.95
ISBN-13 978-1-906907-96-9
Dáiliúchán Gill Books / IES / The Book Nest / Argosy /
Aoisgrúpa: 8-12