





- Stoc: I stoc
- Meáchan: 0.30kg
- Toisí: 130.00cm x 10.00cm x 198.00cm
- ISBN: 9781910945704
Cur síos
GEARRLIOSTA Ghradam de Bhaldraithe 2021
"Tá sé bainte amach againn!" a bhéic mé. "Tá muid ann! An Mol Thuaidh! Tá muid ar bharr an domhain! Is muidne na chéad daoine a leag cos anseo ó thús an tsaoil."
Is beag a shamhlaigh Matthew Henson, agus é ar a theitheadh ó theach a leasmháthar in aois a aon bhliain déag, go raibh saol fíorshuimiúil i ndán dó, saol lán d'eachtraí dochreidte. Is cinnte nár shamhlaigh sé go mbeadh sé ar an gcéad duine riamh le taisteal chomh fada leis an Mol Thuaidh. Ina ainneoin sin ar fad, ba bheag meas a léiríodh air agus é sa bhaile i Meiriceá. Cén fáth sin? Mar gheall ar dhath a chraicinn.
Tá Gaeilge álainn cheolmhar curtha ag Fearghas Mac Lochlainn ar scéal seo bheatha Matthew Henson.
Údar: Catherine Johnson
Maisitheoir: Katie Hickey
Leagan Gaeilge: Fearghas Mac Lochlainn
Foilsithe: 2021
Aoisghrúpa: 8+