Roghchlár
Your Cart

Rás chuig an Mol Thuaidh

Rás chuig an Mol Thuaidh
Rás chuig an Mol Thuaidh
Rás chuig an Mol Thuaidh
NUA
Rás chuig an Mol Thuaidh
Rás chuig an Mol Thuaidh
Rás chuig an Mol Thuaidh
Rás chuig an Mol Thuaidh
  • Stoc: I stoc
  • Meáchan: 0.30kg
  • Toisí: 130.00cm x 10.00cm x 198.00cm
  • ISBN: 9781910945704
€8.95
Ex Tax: €8.95
5 or more €7.16

Cur síos

         GEARRLIOSTA Gradam de Bhaldraithe 2021

​​​​​​​

Scéal cumhachtach Matthew Henson. Agus é óg, theith sé ón mbaile agus ón leasmháthair a

chaith go dona leis. Níor chuimhnigh sé riamh go mbeadh sé ar dhuine de na chéad daoine

riamh a sheas ag an Mol Thuaidh. Ach nuair a fhill sé ar Mheiriceá, tugadh neamhaird ar a

chuid gaiscí de bharr dath a chraicinn. Scéal eachtrúil a thaitneoidh go mór le léitheoirí óga.

“Tá sé bainte amach againn!” a bhéic mé.  “Tá muid ann! 

An Mol Thuaidh!  Tá muid ar bharr an domhain!  Is muidne na chéad daoine a leag cos anseo

ó thús an tsaoil.”

Is beag a shamhlaigh Matthew Henson, agus é ar a theitheadh ó theach a leasmháthar in aois a

aon bhliain déag, go mbeadh saol aige a bheadh lán le heachtraíocht agus le taiscéalaíocht.

Is cinnte nár shamhlaigh sé go mbeadh sé ar an gcéad duine riamh le taisteal chomh fada leis an Mol Thuaidh.

Ina ainneoin sin ar fad, ba bheag meas a léiríodh air agus é sa bhaile i Meiriceá. Cén fáth sin?

Mar gheall ar dhath a chraicinn.

Tá Gaeilge álainn cheolmhar curtha ag Fearghas Mac Lochlainn ar scéal seo bheatha Matthew Henson.

Údar

Is scríbhneoir aitheanta don óige í Catherine Johnson a bhíonn ag scríobh don leathanach agus don scáileán.

An tAistritheoir:

Is scríbhneoir, cumadóiróir agus fonnadóir é Fearghas Mac Lochlainn. Tá duaiseanna go leor buaite aige

le lúibíní, amhráin nua-chumtha agus agallaimh bheirte ag Oireachtas na Gaeilge le scór bliain anuas.  

Tá agallaimh bheirte, lúibíní, drámaí agus amhráin scríofa aige do ghasúir freisin agus go leor duaiseanna

bainte aige ag Oireachtas na Gaeilge. Is maisitheoir leabhar chomh maith é agus tá go leor léaráidí dá chuid

foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht agus an Gúm.  Bíonn sé ag obair go rialta i gConamara leis an eagraíocht


scríbhneoireachta don óige, Fighting Words.

Dáta Foilsithe: Meitheamh 2021

 Údar: Catherine Johnson

Maisitheoir le Katie Hickey


Aistritheoir: Fearghas Mac Lochlainn

Lándaite, Clúdach bog

Líon na lth: 128 lth

ISBN: 978-1-910945-704

Praghas:  €8.95

Léirmheasanna

Scríobh léirmheas

Nóta: Ní aistrítear HTML!
Dona Go maith
Captcha