Roghchlár
Your Cart

Púcaí Schmúcaí agus dánta eile

Púcaí Schmúcaí agus dánta eile
Púcaí Schmúcaí agus dánta eile
Púcaí Schmúcaí agus dánta eile
Gearrliosta GRADAM RÉICS CARLÓ 2023
Púcaí Schmúcaí agus dánta eile
Púcaí Schmúcaí agus dánta eile
Púcaí Schmúcaí agus dánta eile
Púcaí Schmúcaí agus dánta eile
  • Stoc: I stoc
  • ISBN: 9781910945575
€16.95
Ex Tax: €16.95

Cur síos

GEARRLIOSTA GRADAM RÉICS CARLÓ 2023


Tá idir sheandánta agus véarsaí úrnua sa bhailiúchán álainn seo d’fhilíocht Gabriel Rosenstock do pháistí. Cuireann ealaín aoibhinn Tarsila Krüse agus Úna Woods go mór leis an gcur i láthair agus, ar an taifeadadh fuaime, cloistear an craoltóir cáiliúil Sinéad Ní Uallacháin agus páistí Scoil Naomh Gobnait, Dún Chaoin, ag aithris na ndánta le tionlacan ceoil nuachumtha ó John Ryan.


  1. An tÚdar

Gabriel Rosenstock ar dhuine de na filí is cáiliúla in Éirinn. Scríobhann sé filíocht do pháistí agus do dhaoine

fásta araon. Chomh maith leis sin, tá drámaí agus aistí scríofa do dhaoine fásta aige agus scéalta do pháistí

d’aoisghrúpaí éagsúla. I measc na leabhar véarsaíochta do pháistí atá scríofa aige tá Dánta Duitse, An tOchtapas

agus Rainn Eile agus Frog is Fiche.

Na Maisitheoirí

Is as an mBrasaíl ó dhúchas do Tarsila Krüse, ach is Éireannach ina croí istigh í. I measc na leabhar eile atá maisithe

aici do Futa Fata tá Ná Gabh ar Scoil!, Bí ag Spraoi Liom! agus Percy Péacóg. Bíonn leabhar sceitseála léi i gcónaí,


í réidh le pictiúr a tharraingt de na rudaí spéisiúla a fheiceann sí.

Maisitheoir agus scríbhneoir Éireannach í Úna Woods. Is aoibhinn léi pictiúir a chruthú do pháistí óga atá

bunaithe ar chruthanna simplí, patrúin agus dathanna geala. Nuair nach mbíonn sí ag tarraingt agus ag dathú,

is breá léi am a chaitheamh lena cat, leabhair do pháistí a bhailiú agus dul ag rith in aice na farraige.

An Ceol

Is ceoltóir, cumadóir agus léiritheoir ceoil é John Ryan a bhfuil sealanna caite aige ag ceol le grúpaí go leor, ina measc

Granny’s Intentions agus na Fleadh Cowboys. Ar na tionscadail eile ar oibrigh sé orthu le Futa Fata tá Bliain na

nAmhrán, Gugalaí Gug! agus Ceol na Mara.

           



Léirmheasanna

Scríobh léirmheas

Nóta: Ní aistrítear HTML!
Dona Go maith
Captcha