Táirgí a chur ar ais
Polasaí maidir le haisíocaíochtaí agus le táirgí a chur ar ais
Déanaimid gach iarracht a chinntiú go mbeidh tú sásta le do chuid ceannachán. Sa chás, áfach, go bhfuil ort táirge a sheoladh ar ais chugainn, faigh thíos ár bpolasaí le táirgí a chur ar ais.
Má tá tú míshásta le do tháirge, déan teagmháil linn taobh istigh de dhá lá agus déan cur síos ar an bhfáth go bhfuil an táirge á sheoladh ar ais. Ní mór an táirge a sheoladh ar ais taobh istigh de sheacht lá. Bunaithe ar an gcomhfhreagras, déanfaimid ceann de na rudaí seo:
1. Seolfaimid aisíocaíocht iomlán chugat
2. Seolfaimid táirge eile ina áit
Coimeádaimid an ceart le táillí idirbheartaíochta agus postais a choinneáil.
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait nó más féidir linn cabhrú leat ar aon ábhar eile, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn.
Seol r-phost chugainn ag eolas@futafata.ie agus beimid breá sásta cabhrú leat le d’fhiosrúchán.