Roghchlár
Your Cart

Iarratais

Iarratais

Cuireann Futa Fata fáilte roimh iarratais gan iarraidh ó scríbhneoirí agus ó mhaisitheoirí. Sula gcuireann tú aon rud faoinár mbráid, áfach, bí cinnte go léann tú na treoirlínte thíos go cúramach, le bheith cinnte go bhfuil do shaothar oiriúnach dár gcomhlacht.

Iarratais ó scríbhneoirí

An phríomhaidhm atá ag Futa Fata ná úrscríbhneoireacht sa Ghaeilge a fhorbairt agus a chothú. Chomh maith le saothair nua a scríobh, tá sé fíorthábhachtach dúinn go nglacfaidh ár gcuid scríbhneoirí ról lárnach i gcur chun cinn na leabhar (ceardlanna a stiúradh agus cuairt a thabhairt ar scoileanna, srl). Ar an ábhar sin, ní féidir le Futa Fata glacadh le saothar ó scríbhneoirí nach bhfuil Gaeilge líofa acu. Ní ghlactar le scríbhinní Béarla agus, faoi láthair, ní fhoilsímid leabhair dhátheangacha do pháistí.

Faoi láthair, tá Futa Fata ag díriú formhór mór na mbunleabhar a fhoilsímid ar an margadh Éireannach agus ar an margadh idirnáisiúnta araon. Mar sin, iarraimid ar scríbhneoirí é sin a choinneáil i gcuimhne agus scéalta a chur chugainn a thaitneodh le lucht léitheoireachta leathan idirnáisiúnta.

Foilsíonn Futa Fata saothar úr faoi na ceannteidil seo a leanas:

  • Leabhair chairtchláir do leanaí (aois 0-3)
  • Pictiúrleabhair (300-600 focal d’aois 3-6)
  • Leabhair mhaisithe do léitheoirí neamhspleácha (800-1500 focal d’aois 7-9)
  • Gearrfhicsean (1000/3000/5000/8000 focal d’aois 9-12)

I gcás leabhair seachas leabhair chairtchláir agus pictiúrleabhair, ní mór achoimre den leabhar a chur leis an iarratas, chomh maith le himlíne den scéal iomlán, agus caibidil shamplach.

Anuas air sin, ní mór an fhoirm seo a líonadh agus a chur chugainn in éindí le d’iarratas, le gur féidir linn do thogra a mheas maidir le lucht léitheoireachta, leis an margadh agus le hoiriúnacht an leabhar dár gcomhlacht.

Ní ghlactar le hiarratais ach amháin trí ríomhphost chuig iarratais@futafata.ie. Ní ghlacfaidh Futa Fata freagracht as aon rud a sheoltar chugainn tríd an bpost.

Toisc go dtagann líon maith iarratas isteach chugainn, d’fhéadfadh sé ar a laghad sé seachtaine a thógáil orainn freagra a thabhairt ar iarratas. Faraor, ní féidir linn aiseolas a thabhairt ar gach iarratas.

Iarratais ó mhaisitheoirí

Creideann Futa Fata go nglacann léaráidí ról lárnach i gcruthú sár-phictiúrleabhar. Mar sin, cuirimid fáilte roimh mhaisitheoirí a saothar a sheoladh chugainn. Tá suim faoi leith ag Futa Fata saothar de chuid mhaisitheoirí na hÉireann, nó maisitheoirí atá lonnaithe in Éirinn, a fhoilsiú, ach cuirimid fáilte roimh shaothar ó mhaisitheoirí idirnáisiúnta chomh maith.

Leagann Futa Fata béim láidir ar an margadh idirnáisiúnta, agus tá an chuid is mó dár mbunleabhair dírithe ar an margadh Éireannach agus ar an margadh idirnáisiúnta araon.  Mar sin, tá suim againn i léaráidí a bheadh tarraingteach don lucht léitheoireachta idirnáisiúnta. Iarraimid ar mhaisitheoirí é seo a choinneáil i gcuimhne agus iad ag seoladh ábhair chugainn, agus gan aon rud atá ródhírithe ar chultúr na hÉireann amháin a chur faoinár mbráid.

Cuirimid fáilte roimh shaothar a oireann do na ceannteidil seo a leanas:

  • Leabhair chairtchláir do leanaí (aois 0-3)
  • Pictiúrleabhair (aois 3-6)
  • Leabhair mhaisithe do léitheoirí neamhspleácha (aois 7-9)
  • Gearrfhicsean (aois 9-12)

Tá suim againn i saothar a chlúdaíonn réimse leathan stíleanna ealaíne. Is maith linn blas lámhdhéanta a bheith ar an ábhar, fiú más ar ríomhaire a chruthaítear é. Sula gcuireann tú do shaothar faoinár mbráid, caith súil ar ár suíomh gréasáin agus cuir eolas ar na stíleanna difriúla atá foilsithe againn go dtí seo agus na haoisghrúpaí lena mbaineann siad. Le do thoil, luaigh go soiléir linn cén catagóir lena mbaineann do shaothar. Is annamh a oibríonn stíl amháin mhaisithe do gach catagóir – is gá duit a lua cén cineál leabhair ba mhaith leat a mhaisiú dúinn.

NÁ CUIR ISTEACH íomhánna nach mbaineann leis an bhfoilsitheoireacht do pháistí, e.g. ábhar margaíochta. Cé gur saothair ealaíne iad iontu féin, ní chabhraíonn siad linn do chumas a mheas mar mhaisitheoir do pháistí.

Ar ríomhphost amháin a ghlactar le hiarratais ó mhaisitheoirí. Ní ghlacaimid aon fhreagracht as ábhar a chuirtear chugainn sa phost. Seol ábhar chuig: iarratais@futafata.ie

​​​​​​​