Roghchlár
Your Cart

Téarmaí agus Coinníollacha

Téarmaí agus Coinníollacha Úsáide

Fáilte chuig www.futafata.ie (an “suíomh Gréasáin”) mar a gcuireann Futa Fata ár leabhair os do chomhair agus mar a ndíoltar iad  faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach ar an leathanach seo. Léigh na coinníollacha seo go cúramach, le do thoil, sula mbaineann tú úsáid as an suíomh Gréasáin www.futafata.ie. Cuireann tú in iúl, tríd an suíomh Gréasáin www.futafata.ie a úsáid go nglacann tú leis go mbeidh tú faoi cheangal ag na coinníollacha seo.

  1. Faisnéis Uathoibríoch

Ní mór cineálacha éagsúla faisnéise a stóráil aon uair a chuireann tú earraí i do chiseán siopadóireachta.

Bainimid úsáid as 'fianáin' chun é seo a dhéanamh, amhail go leor suímh Gréasáin eile. Ní bhaineann an fhaisnéis stóráilte ach leis na hearraí sin a roghnaítear le ceannach, agus is ar do ríomhaire féin a stóráiltear an fhaisnéis.

  1. Rochtain ar www.futafata.ie

Déanfaimid ár ndícheall chun a chinntiú go mbeidh fáil ar an suíomh Gréasáin gan aon chur isteach agus go ndéanfar tarchur saor ó earráidí. Ní féidir é seo a ghealladh áfach, de bharr nádúr an Idirlín. Chomh maith leis sin, féadfar do rochtain ar an suíomh Gréasáin a chur ar fionraí nó a shrianú ó am go ham chun deisiúcháin, cothabháil nó tabhairt isteach áiseanna nó seribhísí nua a cheadú. Déanfaimid iarracht minicíocht agus fad aon fhionraí nó srian den chineál sin a theorannú.

  1. Ceadúnas le rochtain ar an suíomh Gréasáin

Deonaíonn Futa Fata ceadúnas teoranta duit chun rochtain a fháil ar an suíomh Gréasáin seo, agus chun úsáid phearsanta a bhaint as, ach níl sé de chead an suíomh, ná aon chuid de, a íoslódáil (ach amháin taisceadh leathanach) ná a athrú, ach amháin le toiliú sainráite scríofa de chuid Futa Fata. Ní chuimsíonn an ceadúnas seo na nithe seo a leanas: aon úsáid athdhíola nó thráchtála a bhaint as an suíomh seo nó a bhfuil ann; aon bhailiú agus úsáid a bhaint as liostú táirgí, cur síos ar tháirgí, nó praghsanna; aon úsáid dhíorthach a bhaint as an suíomh Gréasáin seo nó a bhfuil ann; aon íoslódáil nó cóipeáil d'fhaisnéis cuntais ar mhaithe le ceannaí eile; nó úsáid a bhaint as mianadóireacht sonraí, róbait, nó uirlisí den chineál sin a úsáidtear chun sonraí a bhailiú agus a asbhaint. Níl sé de chead an suíomh Gréasáin seo, nó aon chuid de, a atáirgeadh, a dhúbailt, a chóipeáil, a dhíol, a athdhíol, a dhul air, nó a shaothrú ar aon bhealach eile chun aon chríche tráchtála gan ár dtoiliú sainráite scríofa.

  1. Do Chuid Iompraíochta

Níl sé ceadaithe an suíomh Gréasáin a úsáid in aon bhealach a d'fhéadfadh idirbhriseadh, damáiste nó dochar d'aon chineál don suíomh Gréasáin nó do rochtain ar an suíomh Gréasáin a bheith mar thoradh leis, nó ar dhócha go bhféadfadh.

Tuigeann tú gur tú féin, agus ní Futa Fata, atá freagrach as gach cumarsáid leictreonach agus gach ábhar a sheoltar ó do ríomhaire chugainn agus nár mhór duit an suíomh Gréasáin a úsáid le haghaidh cuspóirí dleathacha amháin.

Níl sé ceadaithe an suíomh Gréasáin a úsáid le haghaidh aon cheann de na nithe seo a leanas:

  • cuspóirí calaoiseacha, nó le haghaidh aon chuspóir a bhfuil baint aige le haon chion coiriúil nó le haon ghníomhaíocht neamhdhleathach
  • chun ábhar d'aon chineál a leanas a sheoladh, a úsáid nó a athúsáid: ábhar neamhdhleathach, tarcaisneach, maslach,  mígheanasach, clúmhillteach, graosta; aon ábhar a sháraíonn cóipcheart, trádmharc, muinín, príobháideacht nó aon cheart eile; aon ábhar atá díobhálach ar aon bhealach eile do thríú páirtithe; ábhar inlochtaithe; ábhar arb éard atá ann ná víreas bogearraí, stocaireacht pholaitiúil, sirtheoireacht thráchtála, litreacha slabhracha, feachtas postála nó aon 'turscar', nó ábhar a bhfuil na nithe réamhluaite mar chuid de.
  • chun aon chrá, ceataí nó imní gan chúis a tharraingt
  1. Cóipcheart

Is le Futa Fata gach a bhfuil ar an suíomh Gréasáin, amhail téacs, grafaicí, lógónna, deilbhíní cnaipe, íomhánna agus tugtar cosaint dó le dlíthe na hÉireann agus dlíthe idirnáisiúnta maidir le cóipcheart agus bunachar sonraí.

Níl cead agat aon chuid d'ábhar an tsuímh Gréasáin a tharraingt agus/nó a athúsáid go córásach ach amháin le toiliú sainráite scríofa  ó Futa Fata.

  1. Ár gconradh

Nuair a chuireann tú ordú isteach le táirge a cheannach ó Futa Fata, seolfaimid r-phost chugat ag deimhniú go bhfuarthas d'ordú agus ag leagan amach na sonraí a bhaineann le d'ordú, má thug tú do sheoladh r-phoist bailí dúinn. Is léiriú tairisceana chun táirge a cheannach é d'ordú dúinn agus glactar leis an tairiscint sin nuair a sheolann muid deimhniú r-phoist chugat ina ndeirimid go bhfuil an táirge sin seolta chugat (an “R-phost um sheoladh a dheimhniú”).

  1. Táirgí a thabhairt ar ais/Tréimhse Fuaraíochta

Mura bhfuil tú sásta le do cheannach, ar chúis ar bith, is féidir leat é a thabhairt ar ais dúinn ina bhunstad laistigh de 30 lá ón dáta a fuair tú an táirge. Chomh maith leis sin, tá tú i dteideal tréimhse fuaraíochta reachtúil a mhaireann seacht lá gnó. Nuair atá na táirgí a seoladh ar ais faighte againn agus riocht maith orthu, tabharfaimid aisíocaíocht iomlán duit.

  1. Custam

Nuair a ordaítear earraí ó www.futafata.ie le hiad a sheoladh thar lear d'fhéadfadh go mbeifeá freagrach as dleachtanna agus cánacha allmharaithe a íoc, a ghearrtar nuair a shroicheann an pacáiste an ceann scríbe sonraithe. Is ort a bheidh sé aon táillí breise maidir le himréiteach custaim a íoc; níl aon bhaint againn leis na táillí seo agus ní féidir linn iad a réamh-mheas. Tá éagsúlacht mhór idir beartais custaim ó thír go tír, mar sin ba cheart duit dul i dteagmháil le d'oifig custaim nó d'oifig an phoist go háitiúil chun tuilleadh eolais a fháil. Tabhair faoi deara, freisin, le do thoil, gur mbreathnaítear ort mar allmhaireoir taifeadta nuair a ordaíonn tú ó www.futafata.ie agus ní mór duit gach dlí agus rialachán na tíre ina bhfaigheann tú na hearraí a chomhlíonadh

  1. Leanaí

Ní dhíolann www.futafata.ie táirgí le ceannach ag leanaí. Díolaimid táirgí le haghaidh páistí le ceannach ag daoine fásta. Má tá tú faoi 18, ní féidir leat ceannach ó www.futafata.ie ach amháin le páirtíocht tuismitheora nó chaomhnóra.

  1. Cumarsáid Leictreonach

Nuair a théann tú chuig www.futafata.ie nó nuair a sheolann tú r-phoist chugainn, tá tú ag déanamh cumarsáide linn go leictreonach. Déanaimid cumarsáid leat trí r-phost nó trí fhógraí a chur suas ar an suíomh Gréasáin. Ar chúinsí conartha, toilíonn tú le cumarsáid a fháil uainn go leictreonach agus aontaíonn tú go gcomhlíonann gach comhaontú, fógra, faisnéisiú agus gach cumarsáid eile a sholáthraímid duit go leictreonach aon riachtanas dlíthiúil go ndéantar cumarsáid den chineál sin i scríbhinn. Ní chuireann an choinníoll seo isteach ar do cheart reachtúla.

  1. Athruithe Seribhíse nó Leasuithe ar na Coinníollacha

Coimeádaimid an ceart againn féin athruithe a dhéanamh dár suíomh Gréasáin, dár mbeartais, agus do na Téarmaí agus Coinníollacha Úsáide seo ag am ar bith. Beidh tú faoi réir ag na beartais agus ag na Téarmaí agus Coinníollacha Úsáide atá i bfheidhm ag an am a úsáideann tú an suíomh Gréasáin nó ag an am a ordaíonn tú earraí uainn, ach amháin más gá, de réir an dlí nó de réir údarás rialtais, aon athrú a dhéanamh ar na beartais sin nó na coinníollacha seo (sa chás sin beidh feidhm ag an athrú ar orduithe a rinne tú roimhe sin). Má measfar go bhfuil aon cheann de na coinníollacha seo neamhbhailí, ar neamhní, nó neamh-infheidhmithe ar chúis ar bith, measfar an coinníoll sin a bheith inscartha agus ní bheidh aon fheidhm ag an gcoinníoll sin ar bhailíocht agus in-fhorfheidhmitheacht aon choinníll eile atá fanta.

  1. Imeachtaí nach bhfuil aon neart réasúnach againn orthu

Ní bheimid freagrach as aon mhoill nó as an aon teip maidir le comhlíonadh ár n-oibleagáidí de réir na gcoinníollacha seo más rud é go n-eascraíonn an mhoill nó an teip sin as aon chúis nach bhfuil aon neart réasúnach againn uirthi. Ní chuireann an choinníoll seo isteach ar do cheart reachtúla.

  1. Tarscaoileadh

Má sáraíonn tú na coinníollacha seo agus ní dhéanaimid aon rud faoi, beimid fós i dteideal ár gcearta agus ár leigheasanna a úsáid in aon chás eile ina sáraíonn tú na coinníollacha seo.

  1. Córas Rialú agus dlínse

Rialaítear agus forléirítear na coinníollacha seo de réir dhlíthe na hÉireann. Toilíonn tú, mar a dhéanaimid, géilleadh do dhlínse neamheisiach chúirteanna na hÉireann.