Roghchlár
Your Cart

Aifric

Aifric
Aifric
-50 %
Aifric
Aifric
Aifric
  • Stoc: I stoc
  • Meáchan: 0.42kg
  • Toisí: 260.00cm x 0.00cm x 235.00cm
  • ISBN: 978 – 0-9550983-2
Tairiscint ag críochnú:
Day
Hour
Min
Sec
€5.00
€9.95
Ex Tax: €5.00

Cur síos

Leabhar oifigiúil na sraithe teilifíse Aifric, an chéad chlár drámaíochta Gaeilge riamh le bheith díolta le stáisiúin teilifíse ar fud an domhain. An-oiriúnach mar ábhar cainte ag leibhéal ar bith den mheánscoil.

Sa leabhar lándaite seo, lán grianghrafagus ailt ghrinn, tugtar cuireadh isteach duit ar chúl na gceamaraí, le haithne a chur ar réaltaí an chláir, le comhairle grá a fháil ó Aifric is ó Mhaidhc, le fáil amach ó Jimín conas cur isteach ar do chuid múinteoirí.

Agallaimh, cluichí, quizanna, cócaireacht, fiú – tá siad ar fad ar fáil sa leabhar iontach seo.

Sciob Aifric léi an gradam IFTA don 'Chlár is fearr do dhaoine óga' dhá bhliain as a chéile, 2007 & 2008, agus fuair sé aitheantas le gradam don 'Chlár is Fearr do dhaoine óga' ag Féile na Meán Ceilteach, 2008, freisin.

Tá spéis léirithe sa tsraith ar an margadh idirnáisiúnta, í ceannaithe ag an gcainéal Gàidhlig, BBC Alba.

104 lch, lándaite, clúdach bog
Aoisghrúpa: 10-16

Clár Aifric


Léirmheasanna

Scríobh léirmheas

Nóta: Ní aistrítear HTML!
Dona Go maith
Captcha