- Stoc: In Stock
- Meáchan: 0.20g
- Toisí: 220.00cm x 5.00cm x 280.00cm
- ISBN: 9781910945452
Cur síos
“Féach orm siar is aniar –
Is mé an fathach is breátha sa tír!”
Tá Seoirse tuirseach de bheith gioblach. Tá sé an-sásta lena chuid éadaí nua, go dtí go mbuaileann
sé le roinnt ainmhithe a bhfuil cúnamh uathu…agus éadaí!
Tá bród ar Futa Fata an leagan úrnua seo a chur i láthair, é cóirithe i
véarsaíocht Ghaeilge ag Tadhg Mac Dhonnagáin.
An tÚdar
Tá breis agus 65 milliún cóip de leabhair Julia Donaldson díolta ar fud na cruinne agus iad ar fáil
i mbreis agus 70 teanga.
An Maisitheoir
Tá cuid de na rannscéalta is cáiliúla de chuid Julia Donaldson maisithe ag Axel Scheffler, ina measc
The Smartest Giant in Town, The Stick Man, agus an ceann is cáiliúla ar fad, The Gruffalo,
nó An Garbhán mar is fearr aithne i nGaeilge air.
An tAistritheoir
Tá seantaithí ag Tadhg Mac Dhonnagáin ar an véarsaíocht - tá amhráin go leor do pháistí agus do
dhaoine fásta araon cumtha i nGaeilge aige agus ceol cumtha aige do véarsaí traidisiúnta.
Bhain an CD/leabhar Bliain na nAmhrán Gradam Speisialta na Moltóirí ag na CBI Book of the Year Awards, 2017.
Dáta Foilsiú Eanáir 2019
Údar Julia Donaldson
Maisitheoir Axel Scheffler
Aistritheoir Tadhg Mac Dhonnagáin
Lándaite Clúdach Bog, 280mm x 220mm
Líon na Lth 32pp
RRP €9.95 PB
ISBN 978-1-910945-45-2
Aoisgrúpa: 3+