- Stoc: I stoc
- Meáchan: 0.40kg
- Toisí: 240.00cm x 10.00cm x 280.00cm
- ISBN: 9781910945483
Cur síos
BUAITEOIR LAI Catagóir 10-13 (2021)
IBBY Ireland's Liosta 2021
Buaiteoir Gradam Réics Carló 2020
Tá scéal Éadaoin agus Mhír á insint in Éirinn le breis mhaith agus míle bliain.
Baineann Máire Zepf casadh nua as an seanscéal ina leagan sise agus tugtar draíocht
na samhlaíochta Gaelaí chun beatha in ealaín aoibhinn Shona Shirley Macdonald.
An tÚdar:
Children's Writing Fellow at the Seamus Heaney Centre
Is as Ard Mhic Nasca, lámh le Béal Feirste i gContae an Dúin don scríbhneoir agus aistritheoir, Máire Zepf.
Ceapadh í mar chéad Comhalta le Scríbhneoireacht do Pháistí ag Ionad Seamus Heaney, Ollscoil na Ríona,
Béal Feirste i 2017. I measc na mbunleabhar atá scríofa aici tá ‘Ná Gabh Ar Scoil!’ a ainmníodh ar Honour’s List Idirnáisíunta IBBY, 2018. Tá an leabhar aistrithe go Cóiréis, go Briotáinis, go Sínis, go Turcais agus go Béarla Mheiriceá.
An Maisitheoir
Is i bPort Láirge atá Shona Shirley McDonald lonnaithe ach is as Albain ó dhúchas di. Tá cúlra sa bheochan aici ach is mar mhaisitheoir leabhar is mó atá aithne uirthi na laethanta seo.
I measc na leabhar atá foilsithe aici tá an t-urscéal grafach Gaidhlige An Smutag Ghaisgeil,
agus The Moon Spun Around, cnuasach filíochta le WB Yeats, curtha in eagar ag Noreen Doody (O'Brien Press, 2016). Bhronn Rialtas na hÉireann cóip den leabhar ar Uachtarán Mheiriceá i 2017 le linn na cuairte ar an Teach Bán, aimsir lá 'le Pádraig. Roghnaíodh íomhánna ón leabhar céanna do thaispeántas an Illustration Bienniel i mBratislava na Slóváice an bhliain chéanna.
Dáta Foilsiú Noll 2019
Údar Máire Zepf
Maisitheoir Shona Shirlye Macdonald
Lándaite Clúdach Crua, 280mm x 240mm
Líon na Lth 48pp
RRP €14.95
ISBN 978-1-910945-48-3
Aoisgrúpa: 7+