- Stoc: I stoc
- Meáchan: 0.80kg
- Toisí: 140.00cm x 200.00cm x 211.00cm
- ISBN: 978-1-910945-33-9
Cur síos
Gearrliosta Leabhar na Bliana 2018 Gradam Uí Shúilleabháin
I 1933 a foilsíodh Abhráin agus Dánta an Reachtabhraigh ar na gcruinniughadh agus ar na
bhfoillsiughadh den chéad uair le Dubhglas de h-Íde, LLD, DLitt, MRIA (An Craoibhín Aoibhinn).
Leagan méadaithe a bhí ann den chnuasach dátheangach de véarsaíocht Raiftearaí a bhí tagtha ón gCraoibhín Aoibhinn sa bhliain
1903. Foilseacháin thábhachtacha a bhí sa dá leagan, leabhair a spreag spéis sa bhfile ba
thábhachtaí a shaothraigh an Ghaeilge sna blianta roimh an nGorta Mór. San eagrán athchóirithe seo, an chéad
leagan atá curtha ar fáil sa chló Rómhánach, féachann Nollaig Ó Muraíle le saothar taighde an Chraoibhín Aoibhinn a chur i
láthair pobal nua léitheoirí. Agus an t-eolas cúlra ríthaitneamhach ar Raiftearaí a bhailigh De Híde á roinnt ag an eagarthóir, roinneann
sé chomh maith an t-eolas fairsing atá aige féin ar fhile mór Mhaigh Eo, ar an véarsaíocht a chum sé, ar an teanga a shaothraigh sé, ar na logainmneacha atá luaite sna dánta agus ar chuid mhór gnéithe eile de shaothar Raiftearaí agus De Híde araon.
Údar: Dúghlas De hÍde
Eagarthóir: Nollaig Ó Muráile
Aoisghrúpa: Daoine Fásta