- Stoc: I stoc
- Meáchan: 0.80kg
- Toisí: 272.00cm x 0.00cm x 198.00cm
- ISBN: 978-1-906907-90-
Cur síos
Leabhar na Bliana 2015 - Gradam Uí Shúilleabháin
Seo scéal Antaine Uí Reachtabhra, mac fíodóra a chaill radharc na súl agus é ina
pháiste, fidléir a chaith a shaol ag fánaíocht thart ar chontae na Gaillimhe, file a labhair
amach, gan fuacht gan faitíos, ar son pobail a bhí brúite bascaithe.
Údar
Is as Achadh Mór in oirthear Chontae Mhaigh Eo do Thadhg Mac Dhonnagáin.
I measc na saothar atá tagtha uaidh tá an dlúthdhiosca amhrán Raifteirí san
Underground (Cló Iar Chonnacht, 1993), an dlúthdhiosca agus leabhar rannta
traidisiúnta do pháistí Gugalaí Gug! (Futa Fata, 2005) agus an dlúthdhiosca agus
leabhar véarsaíochta ón mbéaloideas do dhaoine fásta, Aniar : Voices and Verse from
the Edge of the World (Futa Fata, 2007). Is é a scríobh agus a chuir i láthair an scannán
faisnéise drámaíochta Mise Raiftearaí an Fíodóir Focal (Sónta do TG4, 2010), saothar
a spreag é le tabhairt faoin leabhar seo. Tá cónaí air sa Spidéal.
Léirmheas Smaointe Fánacha Aonghusa
Léirmheas tuairisc.ie Dónall Ó Braonáin:
Sárshaothar é a thagann i dtír ar na foinsí eolais agus faisnéise faoin bhfile cáiliúil is mó a bhfuil meas agus cion air i dtraidisiún liteartha na Nua-Ghaeilge, i gConnachta go háirithe. Éiríonn le Tadhg Mac Dhonnagáin scéal Raiftearaí a inseacht ar bhealach dúchasach, údarásach. Cé go gcuireann an t-údar leis an litríochta scolártha feictear dom gurb í an éacht is mó atá déanta aige ná beatha agus saothar an fhile a chomhthéacsú ar shlí spéisiúil sholéite. Dá gcuirfí tuilleadh den traidisiún liteartha i láthair ar an gcaoi seo creidim nach mbeadh géarchéim litearthachta againn beag nó mór. Eiseamláir stíle agus gníomh creidimh sa litríocht atá an saothar seo.
Dáta Foilsithe :Meán Fómhair 2015
Údar:Tadhg Mac Dhonnagáin
Maisithe: Steve Cannon
Dubh & Bán, Clúdach Crua
Líon na lth: 288 lth
ISBN: 978-1-906907-90-7
Praghas: €18.95
Aoisghrúpa: Daoine Fásta