Roghchlár
Your Cart

Ó Am go hAm

Ó Am go hAm
Ó Am go hAm
Ó Am go hAm
NUA
Ó Am go hAm
Ó Am go hAm
Ó Am go hAm
Ó Am go hAm
  • Stoc: I stoc
  • Meáchan: 0.30kg
  • Toisí: 130.00cm x 0.00cm x 198.00cm
  • ISBN: 9781910945759
€8.95
Ex Tax: €8.95

Cur síos

Tá gach duine i dteaghlach Aoife gafa leis an stair – is é sin, gach duine seachas Aoife. Ní thuigeann sise cén fáth a gcaitheann a Mam an lá ar fad thuas ag an tseanmhainistir áitiúil sa tóir ar thaisce rúnda faoi thalamh. Nuair a thugann Aoife cuairt ar an tseanmhainistir chéanna i lár na hoíche, áfach, faigheann sí amach nach bhfuil an stair chomh leadránach agus a shíl sí.

Is scéal lán draíochta agus eachtraíochta é seo ó pheann Patricia Forde – ní bheidh tú in ann é a leagan uait.

Faoin Údar:

Scríobhann Patricia Forde leabhair do pháistí, i nGaeilge agus i mBéarla agus scríobhann sí scripteanna teilifíse agus drámaí stáitse chomh maith. I measc na leabhar atá tagtha uaithi tá na pictiúrleabhair Cití Cearc, Binjí, Madra ar Strae, Mise agus an Dragún agus Ná Dúisigh an Páiste!, do léitheoirí neamhspleácha; an tsraith Lísín (ceithre theideal), agus an t-úrscéal AR STRAE. 

Tá a saothar Gaeilge aistrithe agus foilsithe thar lear sa tSín, sa Chóiré, sa Téalainn, sa Fhrainc, sa Bhriotáin, in Albain, sa Tuirc agus san Afraic Theas.​​​​​​​

Dáta Foilsithe: Samhain 2021

 Údar: Patricia Forde

Maisitheoir le Lauren O'Neill

Lándaite, Clúdach bog

Líon na lth: 64 lth

ISBN: 978-1-910945-7-9

Praghas:  €8.95

Léirmheasanna

Scríobh léirmheas

Nóta: Ní aistrítear HTML!
Dona Go maith
Captcha