SEO CHUGAIBH DENNIS,BUACHAILL AN GHÚNA

Beannachtaí, a chairde, Tá rímead orainn Dennis a chur faoi bhur mbráid. Tá cónaí ar Dennis i dteach leadránach ar shráid leadránach i mbaile leadránach.  Ach tá sé ar tí teacht ar bhealach iontach leis an saol a dhéanamh níos spleodraí agus níos spraíúla – níl le déanamh aige ach a intinn a oscailt!

Níl tada leadránach faoin scéal seo – cuirfidh sé ag gol agus ag gáire thú agus ní go gasta a dheanfaidh tú dearmad ar Dennis agus a chuid eachtraí.

Sé Buachaill an Ghúna an cúigiú leabhar de chuid David Walliams atá foilsithe ag Futa Fata agus an ceathrú ceann atá aistrithe ag Máirín Ní Mhárta.

Ar fáil 4ú Feabhra!