TEIDEAL NUA!
Tá ríméad ar Futa Fata dhá cairtleabhar nua a roinnt libh - Cá Bhfuil Conall Coinín? agus Cá Bhfuil Treasa Tíogar? Tá leide mhaith i dteidil na leabhar cad faoi na scéalta seo!  Sea, a chairde, tá Conall Coinín agus Treasa Tíogar imithe i bhfolach – ach cá háit?  Beidh oiread spraoi ag páistí óga na leideanna a leanacht agus breathnú faoi bhfun na bhflapaí go dtiocfaidh siad ar na hainmithe beaga.  Agus cá bhfios nach gcasfar roinnt cairde nua eile orthu chomh maith!
 
Gearrliosta Gradaim KPMG agus Leabhar Pháistí Éireann
Fógraíodh an 
gearrliosta do Leabhar na Bliana ag Gradaim KPMG agus Leabhar Pháistí Éireann i mBéal Feirste le gairid agus tá ríméad orainn go bhfuil An Slipéar Gloine i lár an aonaigh.  Scríofa ag Fearghas Mac Lochlainn agus maisithe ag Paddy Donnelly, is athinsint fhileata é An Slipéar Gloine ar scéal Luaithrín, nó Cinderella mar is fearr aithne uirthi.  Déanann Futa Fata comhghairdeas le cruthaitheoirí na leabhar ar fad atá ainmnithe, agus guíonn muid gach rath orthu. Sé ngradam san iomlán atá le baint agus fógrófar na buaiteoirí ag ócáid speisialta i mBaile Átha Cliath ar an 24 Bealtaine 2023.
Gabhann Futa Fata buíochas le Clár na Leabhar, Foras na Gaeilge agus leis an gComhairle Ealaíon as an tacaíocht leanúnach.
Sladmhargadh!
Le cúpla bliain anuas anois, agus muid ag tarraingt ar Sheachtain na Gaeilge, táimid tar éis dúshlán a thabhairt daoibh tabhairt faoi leabhar Gaeilge a léamh. Cloiseann muid go minic daoine ag rá gur mhaith leo Gaeilge a fhoghlaim, níos mó Gaeilge a labhairt sa bhaile nó barr feabhais a chuir ar an nGaeilge atá acu. Bhuel, má tá tusa ag titim isteach in aon cheann de na catagóirí sin, seo do sheans anois tabhairt faoi, mar tá Futa Fata ag tairiscint lascaine 30% ar gach leabhar ar an suíomh ó 20 – 26 Feabhra. Bain úsáid as an cód: SNAG23 leis an lascaine 30% a fháil agus beidh tú réidh le dul ag léamh do SnaG23! Bí cinnte a rá linn cén chaoi a éiríonn leat.