Bí Fiáin, a Chroí
Tá ríméad orainn go bhfuil eagrán Gaeilge den chéad leabhar ó pheann Olivia Hope ar fáil anois i nGaeilge. Chuaigh Be Wild, Little One i gcion go mór ar léitheoirí

nuair a foilsíodh é ar dtús. Bhain sé gearrliosta Ghradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann amach anuraidh agus cén t-iontas! Lán le dóchas, misneach agus pictiúir

áille le Daniel Egnéus, is cinnte go rachaidh an t-eagrán seo, aistrithe ag Tadhg Mac Dhonnagáin, i gcion chomh maith céanna ar léitheoirí óga. 

Beidh deis ag Gaillimhigh óga éisteacht leis an scéal Bí Fiáin, a Chroí go han-luath mar beidh Tadhg á léamh ag Am Scéalaíochta Charlie Byrne's, Dé Sathairn,

17 Feabhra ag 11am. Agus seachtain ina dhiaidh sin, Dé Sathairn, 24 Feabhra ag 3pm, tabharfaidh Tadhg cuairt ar Halfway Up the Stairs sna Clocha Liatha,

Co. Chill Mhantáin. AGUS, beidh Olivia in éindí leis an lá sin! Seisiún spraíúil dátheangach atá roimh phaistí Chill Mhantáin. Tá fáilte roimh chách chuig an dá ócáid seo. Bígí leo!

Na Trí Mhuicín
“Féirín do na cluasa agus féasta do na súile.” Sin a dúirt Máire Zepf faoin gclasaic nua seo inár sraith d’athinsintí véarsaíochta ar shíscéalta.

An scríbhneoir agus an file Áine Ní Ghlinn a thug faoi athinsint ar scéal Na Trí Mhuicín agus bíodh gurb é seo an tríochadú leabhar dá cuid do pháistí óga,

is é an chéad uair ag Áine a bheith ag obair le Futa. Agus bí ag caint ar thús aoibhinn, ceolmhar atá lán de spraoi! Tá údar gaisce ag an maisitheoir freisin,

óir is é Na Trí Mhuicín an fichiú leabhar leis siúd! Agus, ar ndóigh, is é Paddy Donnelly – a bhfuil neart duaiseanna bainte aige – an nasc leanúnachais idir

an leabhar seo agus an ceann a tháinig roimhe, An Slipéar Gloine, agus chloígh sé leis an stíl chéanna agus leis an úsáid theoranta chéanna de dhathanna.

Tagann muid go huile is go hiomlán le tuairim Mháire Zepf, gur féasta do na súile é Na Trí Mhuicín. Ba mhaith linn ár míle buíochas a ghlacadh leis an gComhairle Ealaín

agus le Foras na Gaeilge as ucht a gcuid tacaíochta.  

Sladmhargadh!
Le cúpla bliain anuas anois, agus muid ag tarraingt ar Sheachtain na Gaeilge, táimid tar éis dúshlán a thabhairt daoibh tabhairt faoi leabhar Gaeilge a léamh.

Cloiseann muid go minic daoine ag rá gur mhaith leo Gaeilge a fhoghlaim, níos mó Gaeilge a labhairt sa bhaile nó barr feabhais a chuir ar an nGaeilge atá acu.

Bhuel, má tá tusa ag titim isteach in aon cheann de na catagóirí sin, seo do sheans anois tabhairt faoi, mar tá Futa Fata ag tairiscint lascaine 30% ar gach

leabhar ar an suíomh ó 24 Feabhra – 01 Márta. Bain úsáid as an gcód SNAG24 leis an lascaine 30% a fháil agus beidh tú réidh le dul ag léamh do SnaG24!

Bí cinnte a rá linn cén chaoi a n-éiríonn leat.