Fógra Poist: Eagarthóir le Futa Fata

An bhfuil tú paiseanta faoi scéalta maithe a insint agus faoi ghrá don léitheoireacht a chothú san aos óg? An bhfuil ardchaighdeán Gaeilge agat, idir labhartha agus scríofa? Ar mhaith leat a bheith ag obair le foireann bheag fhuinniúil atá lonnaithe i gcroílár Ghaeltacht Chonamara? Tá foireann Futa Fata ag fás agus tá Eagarthóir á lorg againn faoi láthair.

Eolas Fúinne

Tá Futa Fata ag foilsiú leabhair ar ardchaighdeán do pháistí ón mbliain 2005, agus is iomaí gradam atá buaite ag ár gcuid foilseachán thar na blianta, ina measc Gradam Réics Carló agus Gradaim de chuid KPMG Leabhair Pháistí Éireann. Ó 2021 i leith, foilsíonn muid leabhar nó dhó in aghaidh na bliana freisin do dhaoine fásta faoin inphrionta Barzaz.

Príomhdhualgais an Phoist

  • Lámhscríbhinní a mheas, a chur in eagar, a phrofáil agus a ullmhú don chló in éineacht leis an bhfoireann eagarthóireachta;
  • Caidreamh a chothú le húdair agus le maisitheoirí agus a bheith ag obair leo le scéalta a fhorbairt;
  • Freastal ar chruinnithe foirne agus ar chruinnithe eagarthóireachta go rialta;
  • Profáil a dhéanamh ar ábhar poiblíochta agus eile;
  • Dualgais eile de réir mar is gá.

Critéir Riachtanacha

  • Cáilíocht tríú leibhéal sa Ghaeilge, nó a chomhionann de thaithí;
  • Ardchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa;
  • Ardscileanna cumarsáide, idir labhartha agus scríofa, agus ardscileanna idirphearsanta;
  • Scileanna maithe ríomhaireachta;
  • Ardscileanna eagrúcháin agus bainistithe ama;
  • Suim mhór sa litríocht, go háirithe sa litríocht do dhaoine óga.

Critéir Inmhianaithe

  • Cáilíocht san fhoilsitheoireacht nó taithí ag obair in earnáil na foilsitheoireachta;
  • Taithí nó cáilíocht i réimse an aistriúcháin;
  • Líofacht sa Fhraincis nó i dteanga Eorpach eile.

Eolas Eile

  • Conradh bliana (a gcuirfear síneadh leis ag brath ar mhaoiniú);
  • Tuarastal de réir taithí agus cáilíochtaí;
  • Solúbthacht ó thaobh ionaid oibre, ach ní mór don té a cheapfar a bheith in ann freastal ar chruinnithe uair nó dhó sa tseachtain in oifig Futa Fata sa Spidéal;
  • Gnáthuaireanta oibre;
  • 25 lá saoire, móide laethanta saoire poiblí;
  • Deiseanna rialta oiliúna.

Ní mór d’iarrthóirí Curriculum Vitae, mar aon le litir iarratais, a sheoladh chuig: eolas@futafata.ie.

Spriocdháta d’iarratais: 17.00pm, Dé hAoine, 29 Márta 2024.

Reáchtálfar na hagallaimh an tseachtain dar tús 22 Aibreán 2024.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ach ríomhphost a sheoladh chuig eolas@futafata.ie.

Tá muid an-bhuíoch d’Fhoras na Gaeilge as an tacaíocht airgid.