COMÓRTAS, PREASRÁITEAS


An bhfuil dlúthchara agat? An bhfuil ceithre chos ar an dlúthchara sin agus an mbíonn sé nó
sí ag tafann? Ar mhaith leat a bheith mar chuid den tsraith is cáiliúla ar domhan? Má tá, tá
muid ag iarraidh cloisteáil uait!
Tá muid ag obair ar an eagrán Gaeilge den tríú leabhar sa tsraith Dog Man le Dav Pilkey! Ar
ndóigh, tá Dog Man agus Dog Man Scaoilte Amach ar an bhfód cheana féin, iad aistrithe go
snasta ag Máirín Ní Mhárta! Ar an dea-uair, tá an laoch ag teacht ar ais agus neart scéalta
eile aige in Dog Man Scéal an Dá Phuisín, atá le foilsiú san fhómhar.
Ach, a léitheoirí óga, tá bhur gcabhair de dhíth orainn! Sa leagan Béarla den leabhar seo, tá
pictiúir de léitheoirí óga ag léamh lena gcuid madraí. Don eagrán Gaeilge, tá muid ag
iarraidh na leathnaigh sin a líonadh le pictiúir de léitheoirí Éireannacha ag léamh Dog Man
as Gaeilge lena madraí!


An féidir libh teacht i gcabhair orainn agus ar Dog Man? Más féidir, seol bhur ngrianghraif
chugainn! Clibeálaigí ar na meáin shóisialta muid, @futafata, agus bain úsáid as an
haischlib #léighledodogman. Nó, cuir ar ríomhphost chugainn iad – eolas@futafata.ie. Bí
mar chuid de scéal Dog Man Scéal an Dá Phuisín agus bí sa leabhar féin!
Ar mhaithe le riail agus reacht a chaomhnú (mar a bheadh ó Dog Man féin, ar ndóigh!) tá
cúpla riail againn:

 

  •  Caithfidh tú cead tuismitheora nó caomhnóra a fháil sula seolfaidh tú pictiúr.
  •  Caithfidh tú cead a thabhairt dúinn an grianghraf a fhoilsiú in Dog Man Scéal an Dá Phuisín.
  •  Caithfear ceann de na leaganacha woof-igiúla Gaeilge a bheith á léamh agat sa phictiúr le do mhadra.


Spriocdháta: Dé hAoine, an 29 Márta 2024. Ina dhiaidh sin a roghnófar na pictiúir a bheas le
foilsiú sa leabhar agus cuirfear na daoine agus a gcuid madraí ar an eolas.