Roghchlár
Your Cart

Cluasa Capaill ar an Rí

Cluasa Capaill ar an Rí
Cluasa Capaill ar an Rí
Cluasa Capaill ar an Rí
Buaiteoir
Cluasa Capaill ar an Rí
Cluasa Capaill ar an Rí
Cluasa Capaill ar an Rí
Cluasa Capaill ar an Rí
  • Stoc: I stoc
  • Meáchan: 0.30kg
  • Toisí: 240.00cm x 10.00cm x 280.00cm
€14.95
Ex Tax: €14.95

Cur síos


GEARRLIOSTA KPMG LEABHAIR PHÁISTÍ ÉIREANN 2022

  BUAITEOIR Gradam Réics Carló 2021

LE FEICEÁIL AR AN LATE LATE TOY SHOW 2021

Cur síos:

Nuair a bheirtear páiste do bhanríon na tíre, tá sí féin agus an rí an-bhuartha:

tá cluasa capaill ar an bpáiste. An nglacfaidh muintir na tíre lena mac, Labhraí?

An mbeidh sé in ann a rún aisteach a choinneáil ar feadh a shaoil, fiú nuair a

bheidh sé féin ina rí ar an tír?

Seanscéal é seo faoin misneach a theastaíonn uaireanta leis an fhírinne a

insint, is cuma céard a cheapann daoine eile.

Faoin Scríbhneoir:

Is údar agus colúnaí í Bridget a rugadh i Nua-Eabhrac is a tógadh i Ros Muc, i gConamara.

Tá dhá leabhar dá cuid foilsithe ag Futa Fata: LÚLÚ AGUS AN OÍCHE GHLÓRACH a mhaisigh Steve Simpson

agus NÍ MISE A RINNE É! a mhaisigh Donough O’Malley. Aistríodh a saothar go Sínis, Gaidhlig agus Téalainnis.

Tá lucht leanúna mór aici dá colún ar chúrsaí teaghlaigh a fhoilsítear go seachtainiúil ar Tuairisc.ie

Faoin Maisitheoir:

Is i bPort Láirge atá Shona Shirley McDonald lonnaithe ach is as Albain ó dhúchas di. Tá cúlra sa Bheochan aici ach is mar mhaisitheoir leabhar is mó atá aithne uirthi na laethanta seo.

I measc na leabhar atá foilsithe aici tá an t-urscéal grafach Gaidhlige An Smutag Ghaisgeil,

agus The Moon Spun Around, cnuasach filíochta le WB Yeats, curtha in eagar ag Noreen Doody

 (O'Brien Press, 2016). Bhronn Rialtas na hÉireann cóip den leabhar ar Uachtarán Mheiriceá i 2017 le

 linn na cuairte ar an Teach Bán, aimsir lá 'le Pádraig. Roghnaíodh íomhánna ón leabhar céanna

 do thaispeántas an Illustration Bienniel i mBratislava na Slóváice an bhliain chéanna.

Gradam

An Féileacán agus an Rí – Buaiteoir Gradam Réics Carló 2020


Dáta Foilsiú Lúnasa 2021

Údar Bridget Bhreathnach

Maisitheoir Shona Shirlye Macdonald

Lándaite Clúdach Crua, 280mm x 240mm

Líon na Lth 48pp

RRP €14.95 

ISBN 978-1-910945-60-5

Aoisgrúpa: 7+

Léirmheasanna

Scríobh léirmheas

Nóta: Ní aistrítear HTML!
Dona Go maith
Captcha