Roghchlár
Your Cart

Geansaí Ottó - Clúdach Bog

Geansaí Ottó - Clúdach Bog
Geansaí Ottó - Clúdach Bog
Geansaí Ottó - Clúdach Bog
Geansaí Ottó - Clúdach Bog
Geansaí Ottó - Clúdach Bog
  • Stoc: I stoc
  • Meáchan: 0.40kg
  • Toisí: 230.00cm x 0.00cm x 265.00cm
  • ISBN: 9781910945872
€9.95
Ex Tax: €9.95

Cur síos

GEARRLIOSTA LAI 2021 Catagóir  0-5

IBBY Ireland - Maisitheoirí  Liosta 2021


Le feiceáil ar an Toy Show 2020

Tá stíl ag Ottó agus is breá leis éadaí deasa. Ach ní thuigeann Mamó rud ar bith faoi chúrsaí faisin. Nuair a thagann geansaí gránna


eile sa phost uaithi, tá rogha ag Ottó - caithfidh sé rud éigin a dhéanamh...


Faoin Scríbhneoir

Is scríbhneoir do pháistí í Sadhbh Devlin. D’fhoilsigh Futa Fata a céad phictiúrleabhar, BÍ AG SPRAOI LIOM! in 2017, é maisithe ag Tarsila Krüse. Tháinig BEAG BÍDEACH uaithi in 2018, é maisithe ag Róisín Hahessy. Ainmníodh BEAG BÍDEACH le haghaidh ceithre ghradaim; Leabhar Pháistí Éireann: Leabhar na Bliana; Gradam Réics Carló; Cumann Litearthachta na hÉireann: Leabhar na Bliana agus iBbY Ireland: Hans Christian Andersen Honour List, 2020. Foilseoidh Futa Fata GEANSAÍ OTTÓ, an tríú pictiúirleabhar uaithi, in 2020. Is í an Scríbhneoir Cónaitheach 2019-2020 le dlr LexIcon í agus tá sí cláraithe leis an scéim Writers in Schools chomh maith. Tugann sí cuairt go minic ar scoileanna agus leabharlanna thart timpeall na tíre agus éascaíonn sí ceardlanna do pháistí agus teaghlaigh ag féilte cosúil le ILFD, Listowel Writers’ Week, Belfast Arts Festival, Dubray StoryFest agus in ionaid cosúil le MoLI (Museum of Literature, Ireland).


Faoin Maisitheoir

Bhí grá ag Róisín Hahessy, arb as Cluain Meala ó dhúchas dhi, don ealaín ó bhí sí an-óg. Tar éis di céim a bhaint ó Coláiste Ballyfermot, Baile Áth Cliath, chaith sí seal ag obair le graificí san earnáil teilfíse. I 2015 chroch sí a seolta go Braisíl, áit a bhfuil sí ag díriú anois ar a chuid obair mhaisiúcháin ar leabhar do pháistí.Is é Geansaí Ottó an dara leabhar dá cuid le Futa Fata.


Cóipeanna sínithe ar fáil le gach cóip ordaithe ar an suíomh.


Dáta Foilsithe : Meán Fómhair 2020

Foilsitheoir  Futa Fata

Údar Sadhbh Devlin

Maisitheoir Róisín Hahessy

Lth 32  , Clúdach Crua,

Formáid  265mm x 230mm

Pictiúr Lándaite

ISBN 978-1-910945-59-9

Praghas €10.95

Aoisghrúpa 4+


Athbhreithniú

Scríobh léirmheas

Nóta: Ní aistrítear HTML!
Dona Go maith
Captcha