Roghchlár
Your Cart

Amuigh Faoin Spéir! Ag teacht go luath

Amuigh Faoin Spéir! Ag teacht go luath
Amuigh Faoin Spéir! Ag teacht go luath
Amuigh Faoin Spéir! Ag teacht go luath
Amuigh Faoin Spéir! Ag teacht go luath
Amuigh Faoin Spéir! Ag teacht go luath
Amuigh Faoin Spéir! Ag teacht go luath
Amuigh Faoin Spéir! Ag teacht go luath
  • Stoc: I stoc
  • Meáchan: 0.30kg
  • Toisí: 230.00cm x 10.00cm x 260.00cm
  • ISBN: 9781910945940
€10.95
Ex Tax: €10.95

Cur síos

Ar fáil 3ú Deireadh Fómhair 2022


Tá Rua breá sásta go bhfuil an deireadh seachtaine ann agus gur féidir leis luí siar ar an tolg le breathnú ar chartúin ar feadh an lae. Tá Mamaí sásta go bhfuil an deireadh seachtaine ann freisin ach tá plean iomlán éagsúl aici siúd don lá. Plean a chiallaíonn go mbeidh siad fuar, fliuch agus salach, dar le Rua. B'fhearr leis féin fanacht te, tirim agus glan - ach an éireoidh leis? 

Scéal álainn a dhéanann ceiliúradh ar an domhan nádúrtha agus ar bheith neadaithe go teolaí ar an tolg i ndiaidh eactra mhór amuigh faoin spéir.

An tÚdar

Is scríbhneoir, a bhfuil gradam buaite aici dá bpictiúirleabhair, í Sadhbh Devlin. Tá an-éileamh

ar na ceardlainne agus imeachtaí leabhair a chuireann sí ar fáil ar fud na tíre. Ainmníodh a

leabhar, BEAG BÍDEACH (Futa Fata 2018) le haghaidh ceithre ghradaim mór le rá, ina

measc; Leabhar Pháistí Éireann: Leabhar na Bliana agus Gradam Réics Carló. Bhuaigh an

saothair is deireanaí uaithi, GEANSAÍ OTTÓ (Futa Fata, 2020), Gradam Cumann Litearthachta

na hÉireann: Leabhar na Bliana (Catagóir 0-5) i 2021.Is í an Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge 2022

le DCU í.Tá cónaí uirthi i gCo.Chill Mhantáin lena fear chéile agus beirt iníon.

Is é AMUIGH FAOIN SPÉIR an cheathrú leabhar uaithi le Futa Fata.



An Maisitheoir

Tá saothar Brian Fitzgerald don óige ar fáil go forleathan, é foilisthe ag Blue Apple Books New Jersey, SAM, Carthusia Books na hIodáile, Les apprentis réveurs, An Fhrainc, Usborne Publishing na Breataine, An Gúm

, agus Futa Fata in Éirinn.Is é a mhaisigh na leabhair CÓCÓ AN COLGÁN CAIRDIÚIL a scríobh Ailbhe

Nic Giolla Bhrighde agus BINJÍ, MADRA AR STRAE le Patricia Forde. Bhí sé ar dhuine den cheathrar

maisitheoir a chruthaigh ealaín don chnuasach BLIAIN NA nAMHRÁN le Tadhg Mac Dhonnagáin,

saothar a bhain Gradam Réics Carló 2018, Gradam Speisialta na Moltóirí ag Gradaim CBI, 2017

agus Gradam White Ravens ó Leabharlann na nÓg, München na Gearmáine, 2017.



Dáta Foilsithe : Deireadh Fómhair 2022

Údar Sadhbh Devlin

Maisitheoir Brian Fitzgerald

Lth 32 , Clúdach Crua,

Formáid  280mm x 220mm

Pictiúr Lándaite

ISBN 978-1-910945-94-0

Praghas €10.95

Aoisghrúpa 5+

Léirmheasanna

Scríobh léirmheas

Nóta: Ní aistrítear HTML!
Dona Go maith
Captcha