LÉITHEOIRÍ ÓGA
Tá sé go hálainn ár bpictiúrleabhair nua a fheiceáil ar sheilfeanna siopaí leabhar fud fad na tíre. Ón aiseolas atá muid ag fáil, tá léitheoirí óga (agus móra!) an-tógtha le Amuigh Faoin Spéir  le Sadhbh Devlin agus Brian Fitzgerald, agus le Míp agus Blípín le Máire Zepf agus Paddy Donnelly. An bhfaca sibh fós iad? Ba bhreá linn bhur dtuairimí a chloisteáil!
 
LÉITHEOIRÍ FÁSTA
 Tá fás de réir a chéile ag teacht ar líon na leabhar atá Barzaz ag foilsiú. Agus tá muid chomh sásta go bhfuil an tríú húrscéal comhaimseartha ar fáil anois, Na Ríthe BeagaScéal é seo faoi mháthair óg atá ag iarraidh clú agus cáil a bhaint amach agus nach bhfuil drogall uirthi na meáin shóisialta agus a beirt ghasúr a úsáid leis sin a dhéanamh. Ach, ar ndóigh, bíonn impleachtaí móra ag an gcinneadh sin. Scríofa ag an údar aitheanta Francach, Delphine de Vigan, agus aistrithe ag Máirín Nic Con Iomaire.
GRADAIM FOILSITHEOIREACHTA AN OIREACHTAIS
Bhí ríméad orainn a bheith ainmnithe do Ghradam Réics Carló agus do Ghradam de Bhaldraithe i mbliana, ach baineadh geit áthasach asainn uilig nuair a bhain muid an dá dhuais. Thug  An Slipéar Gloine leis Gradam Réics Carló, leagan álainn véarsaíochta de scéal Luaithríona le Fearghas Mac Lochlainn, maisithe ag Paddy Donnelly. Bronnadh Gradam de Bhaldraithe ar Mháirín Nic Con Iomaire don obair iontach a rinne sí ar aistriúchán Khalil le Yasmina Khadra. Ár míle buíochas le hOireachtas na Gaeilge as ucht an aitheantais seo. 
GRADAIM LEABHAR AN POST
Ós ag caint ar ghradaim atá muid, ba mhaith linn ádh mór a ghuí ar Paddy Donnelly agus ar Shona Shirley Macdonald, beirt mhaisitheoirí a mbíonn muid ag obair leo. Tá Fox & Son Tailers le Paddy ainmnithe do ghradaim An Post, mar aon le Girls who slay Monsters le Ellen Ryan, atá maisithe ag Shona. Ádh mór chomh maith orthu siúd ar fad atá ainmnithe do Leabhar Gaeilge na Bliana le Love Leabhar Gaeilge. Beidh muid ag súil go mór le fógairt na mbuaiteoirí Dé Céadaoin, an 23 Samhain.
SLADMHARGADH
Beidh sladmhargadh gearr againn i mbliana agus lascaine 20% le fáil ar gach leabhar ar Futa Fata agus ar Barzaz ón 25-27 Samhain. Níl le déanamh agaibh ach an cód Slad22 a úsáid agus sibh ag seiceáil amach. Agus is fiú a mheabhrú go bhfuil ár leabhair le fáil freisin i siopaí maithe leabhar ar fud na tíre más fearr libh tacú le bhur siopaí áitiúla.