GEALACH AGUS GRIAN
Tá muid sna flaithis go bhfuil Gealach agus Grian tagtha agus ar taispeáint ar sheilfeanna siopaí leabhar agus leabharlann fud fad na tíre anois. Má bhí tú fiosrach riamh faoi conas a tharla sé gur sa spéir atá cónaí ar an ngealach agus ngrian, bhuel seo an leabhar duitse! Tá freagra na ceiste sin ag Muireann Ní Chíobháin agus níl sé chomh heolaíoch is a bheifeá ag súil leis! Greannmhar, croíúil, agus maisithe go hálainn ag Brian Fitzgerald – fear a bhain Gradam Réics Carló 2023 dá leabhar Amuigh Faoin Spéir le Sadhbh Devlin. Ar fáil anois go náisiúnta i siopaí maithe leabhar RRP €10.95.
LAI
Bhí ócáid álainn againn ag searmanas bronnta na nGradam Débhliantúil ag Comhdháil Chumann Litearthachta na hÉireann an tseachtain seo caite. Bhí ceithre leabhar linn ainmnithe: Amuigh Faoin SpéirAn Slipéar Gloine agus Míp agus BlípínCluasa Capaill ar an Rí, mar aon le sraith iomlán Eoinín. Agus tá ríméad orainn a fhógairt gur bhain Míp agus Blípín le Máire Zepf agus Paddy Donnelly Leabhar na Bliana don aoisghrúpa 6-9 bliana. Ní hamháin sin, ach bhain Paddy Leabhar na Bliana don aoisghrúpa 0-5 bliana freisin dá leabhar iontach Fox and Son Tailers, foilsithe ag O’Brien Press. Comhghairdeas ó chroí le Máire agus Paddy agus míle buíochas leis an gCumann Litearthachta.

SOLAS GEIMHRIDH - BARZAZ
An raibh a fhios agat go bhfuil inphrionta againn do dhaoine fásta? Barzaz an t-ainm atá air agus foilsíonn muid litríocht agus filíocht chomhaimseartha do dhaoine fásta. Tá áthas orainn an chéad chnuasach filíochta a fhoilsiú faoin inphrionta sin: Solas Geimhridh le Laoighseach Ní Choistealbha. An fhéiniúlacht, fisiciúlacht na colainne, an ealaín féin – cíorann Ní Choistealbha iad go léir le hionracas, le húire agus le hómós do na filí a tháinig roimpi. Terry Foley agus Anú Design a dhear an leabhar aoibhinn seo. Ar fáil anois go náisiúnta RRP €14.95.                                                                                                                                                                             

 

SLADMHARGADH
Beidh ár sladmhargadh bliantúil ag tosú go luath! Hurrah! Sábháil 20% ar chostas GACH leabhair ar Futa Fata agus Barzaz. Tá rogha iontach againn do gach uile aoisghrúpa, mar sin tapaigh an deis cur le do leabharlann agus bua na léitheoireachta a roinnt leis na daoine speisialta i do shaol. Tairiscint ar fáil 24 – 30 Samhain amháin. Cód lascaine: NOLL23