Tá Futa Fata ag Earcú!

Tá Futa Fata beagnach fiche bliain ar an bhfód anois agus tá muid ag dul ó neart go neart i rith an ama sin. Bíonn muid ag foilsiú réimse leathan leabhar do pháistí – leabhair chairtchláir do na naíonáin, pictiúrleabhair áille, úrscéalta agus eile, idir leabhair nuachumtha agus aistriúcháin. Tá an t-ádh dearg againn freisin a bheith ag obair le cuid de na húdair, na healaíontóirí agus na haistritheoirí is cumasaí in Éirinn. Le blianta beaga anuas tá fás suntasach tagtha ar an gcomhlacht agus tús curtha freisin le hinphrionta nua do dhaoine fásta, Barzaz. Chuige sin, tá muid sa tóir ar eagarthóir! Má tá tú paiseanta faoin scéalaíocht, má tá ardchaighdeán Gaeilge agat agus má tá suim mhór agat i litríocht na n-óg, ba bhreá linn cloisteáil uait! Tá gach eolas faoin bpost le fáil ag www.futafata.ie/blog. Is é 17.00pm, Dé hAoine, an 29 Márta, an spriocdháta le haghaidh iarratas. Reáchtálfar na hagallaimh an tseachtain dar tús 22 Aibreán 2024 . 

COMÓRTAS DOG MAN
An bhfuil madra agat sa bhaile? Ar mhaith leat a bheith san eagrán Gaeilge den tríú leabhar sa tsraith Dog Man? Tá muid ag obair faoi láthair ar Dog Man Scéal an Dá Phuisín. Sa leabhar sin tá grianghraif de dhaoine óga ag léamh Dog Man lena madraí agus tá muide ag iarraidh pictiúir de léitheoirí óga Éireannacha a chur isteach san 

eagrán Gaeilge! Mar sin, más mian leat a bheith mar chuid den scéal seol pictiúr díot féin chugainn ag léamh ceann de na heagráin woof-igiúla Gaeilge de Dog Man le do pheata! Is féidir le tuismitheoirí/caomhnóirí na pictiúir a roinnt linn ach muid a chlibeáil ar na meáin shóisialta, @futafata, ag úsáid an haischlib #léighledodogman nó pic a sheoladh chugainn chuig eolas@futafata.ie roimh an Aoine, 29 Márta. Roghnóidh muid na pictiúir ansin agus beidh muid i dteagmháil leis na daoine cuí.

 

 

 

Tá beirt seanchairde tagtha ar ais chugainn. An cuimhin libh Frog sa Spéir agus Eileanór an Eilifint Éagsúil? Sé bliana déag ó shin a foilsíodh na leabhair sin den chéad uair agus is cinnte gur pacáiste snasta a bhí iontu an t-am sin agus na scéalta le cloisteáil ar CDanna chomh maith! Bhuel, tá siad ar ais, faoi chlúdach bog an uair seo, ach na scéalta chomh maith is a bhí riamh. Agus an uair seo, in áit na CDanna tá na scéalta ar fáil ar líne le cóid QR! Níl le déanamh le héisteacht leo ach na cóid a scanadh le fón cliste. Tá Frog sa Spéir agus Eileanór an Eilifint Éagsúil ar fáil fud fad na tíre anois.