Roghchlár
Your Cart

Dog Man as Gaeilge

Dog Man as Gaeilge
Dog Man as Gaeilge
Dog Man as Gaeilge
Dog Man as Gaeilge
Dog Man as Gaeilge
Dog Man as Gaeilge
Dog Man as Gaeilge
  • Stoc: I stoc
  • ISBN: 9781910945889
€9.95
Ex Tax: €9.95

Cur síos

Ar fáil 1 Bealtaine 2023!

Beidh idir óg agus aosta sna tríthi gáire agus iad ag léamh an chéad imleabhar seo sa tsraith cháiliúil Dog Man, ar fáil den chéad uair as Gaeilge. Lean an laoch clúmhach Dog Man ar a chuid eachtraí agus é ag iarraidh an baile a choinneáil slán ar bhithiúnaigh aisteacha de gach méid agus de gach cineál!

Údar agus Maisitheoir

Is iomaí gradam atá buaite ag Dav Pilkey thar na blianta dá shaothar do dhaoine óga; thug a leabhar The Paperboy leis Caldecott Honor in 1997. Is é Dav a dhéanann an scríobh agus an maisiú dá chuid leabhar, agus tá na milliúin cóip dá shraitheanna faoi Captain Underpants agus Dog Man i ndiaidh a bheith díolta ar fud na cruinne agus aistrithe go teangacha go leor. Tá cónaí ar Dav agus a bhean sna Stáit Aontaithe ach faigheann sé inspioráid dá shaothar ó pháistí agus ó dhaoine fásta ar fud an domhain.

Bíonn téamaí dearfacha ina chuid leabhar, agus bíonn an lámh in uachtar i gcónaí iontu acu siúd a bhfuil croí mór maith acu.

An tAistritheoir

Is í Máirín Ní Mhárta a rinne an leagan Gaeilge den leabhar seo. Tá taithí na mblianta ag Máirín ag aistriú leabhair do pháistí, agus is í a rinne leagan Gaeilge de chuid mhór den tsraith Dialann Dúradáin agus de shaothar David Walliams do Futa Fata.


240 lch

196mm x 127mm

Aoisghrúpa: 9-12

Léirmheasanna

Scríobh léirmheas

Nóta: Ní aistrítear HTML!
Dona Go maith
Captcha